Slí Cholmcille le Foras Na Gaeilge 2023 agus lé Seamus as Walking Donegal 

Home – Walking Donegal | Guided walks by Seamus Doohan

 

Colmcille landing in Iona

Colmcille ar Oiléan Í

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 Tá spéis ag méadú sna rinata siúíl atá ceangailte le hOidhreacht stairiúil agus le hoilithreacht. I mbliana 2023 chaith mé ceithre lá ar shlí Cholmcille a nascann Éire lé hAlban.  Tugann Slí Cholmcille deis do dhuine leanstan ar lorg coise Cholm Cille agus chomhthionóil na meánaoise a d’athraigh stair na hÉireann agus na hAlban. 

  

Tá an léarscáil seo iomlán cruinn agus é ag diriú ar an chongaracht idir Éire agus Alba, agus na ceantair ina labhartar fós na teangacha dúchais. Fós fhéin is ait an claonadh sin a fheiceál agus an mol maignéadach ar dheis! 

Faoi láthair, tá naoi gconair ar an tSlí.  I dTír Chonaill tá gluaiseacht ar bun le siúlóid camino a dhéanamh ar den tSlí. 

Tá an tSlí á tabhairt le chéile ag Foras na Gaeilge in Éirinn agus Bord na Gàidhlig in Albain i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile in Éirinn agus in Albain. Is tionscadal í an tSlí, atá ag fás de réir a chéile. Leis an Ghaeilge a bhaineann seanchas Cholmcille, agus tá sé nádúrtha go mbeadh siúlóidí á b-eagrú trí Ghaeilge:  bhí cainteoirí dúchais as Tír Chonaill chomh maith le Gaeilgeoirí as Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus Maigh Eo I measc an lucht siúil.

 

Bhí treoraí áitiúil , Séamus Dubhchóin ó Walking Donegal, www.walkingdonegal.net agus é ina chainteóir dúchais ón Fál Carrach linn don cheithre lá i nDun na nGall.

Ba thuras treoraithe lán-Ghaeilge a bhí i gceist. Thosaigh sé ar an 9u lá de mhí Meitheamh,  ar lá féile an Naomh Cholmcille,  Thosaigh sé sa Ghleann a dtugtar Gleann Cholm Cille anois air in omós don Naomh. 

An Chéad lá, Turas Cholm Cille.    Oideas Gael – Adult Irish Language Courses and Cultural Holidays (oideas-gael.com)

 

 

 

 

 

 

 

 

Stad uimhir a cúig déag.

Tar éis dúinn clárú I lárionad Oideas Gael, thosaigh muid ar thuras Cholm Cille, Tá lúb de beagnach 5 km sa turas seo, agus tá cúíg cinn déag de stadanna  nGleann Colm Cille le cúig cinn déag de ‘ulacha’ nó stadanna atá fréamhaithe go domhan sa ndúchas áitiúil agus dlúthcheangal acu le traidisiún agus oidhreacht Colm Cille. Clocha luath-Chríostaí atá sa chuid is mó díobh agus iad greanta go healaíonta.   Tá iarsmaí seandálaíochta sa cheantar a thugann le fios gur áit oilithreachta a bhí sa ghleann seo ag dul siar roimh aimsir na Críostaíochta féín. Ba chúis iontais dúinn ar fad nár scoilteadh iad an lá úd agus na an teocht go hard sna fichidí.  ( Ná glac go mbeidh na teochtannaí seo ann i gcónaí, faraor!)  

 Gleann Cholm Cille 

Altar window of St. Colmcille's Abbey at Gartan.

Altar window of St. Colmcille’s Abbey at Gartan.

 

An dara lá, A Tearmann go Gartán. 

 

Gartan – County Donegal – Slí Cholmcille, St Columba Way (colmcille.org)

 

Siúlóid 5km ón Chraoibhín i bparóiste an Tearmainn chuig Tobar Bheannaithe Eithne a rinnemar ar dtús ar an Satharn. Ba í an Eithne seo máthair Cholm Cille, agus ní an t-amhránaí mór le rá,  a litríonn a h-ainm ar shlí éagsúl. Bhí iliomad bláthanna fiáine ag fás de chois an bhealaigh , cuid acú neamhchoitianta 

 

Tar éis lón chuireamar 10 km dínn ar an mbealach go ceann scríbe  an lae i dTeach Gléibe ar bhruach Loch Garáinmar a bhfuil gailearaí agus áit itheacháin. Ar ár mbealach stopamar ag Ráth Cnó i nGartan, áit breithe Colm Cille- mar a bhfuil seanséipéal agus fothracha eaglasta. Tá an reilig thar tar an mhainistir fós in úsáid.,. Bhí neart scéalta agus béaloideas áitiúl ag ár dtreoraí  Séamus dúinn ag gach aon stad a rinneamar.  

 

 

Boundry Stone at St. Colmcille's Abbey, Gartan.
Boundry Stone in Churchtown Gartan.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

An tríú lá, Ó Theampall Ráithe go Fál Carrach.    https://falcarragh.ie/index.php/2018/06/29/ray-cross/

 

 Bhí siulóidín beag ag tús an lae de 6 km ó Theampall Ráithe  áit atá an crois cloch is mó sa tír atá geartha as aon phíosa amháin. Tá snáithe fada de ghrianchloch intí , rud atá neamhghnách ann féin. As sin go lár an Fhál  Carrach, áit ar glacadh lón sular ímíomar linn tríd Gort a Choirce go dtí Cloch na Naoimh le na radharcanna iontacha amach thar Inis Bó Finne agus  isteach I dToraigh. Ba shiúlóid 10 km a bhí anseo, le roinnt dreapadóireachta go bhárr an áird, ach bfhiú gp mór é. Bhí radharcanna den scoth a bhíle feiceáil o bharr an chnoic. 

 

Crois Ráithe 

High Cross Ray church,

Cros Ráithe ceann is airde in Eiréann, Ray Cross, Tallest high cross in Ireland

                                                                                                                                                 

  An ceathrú lá, Oileán Toraigh.         https://toryisland.ie/

Sheol an chéad bhád o Mhachaire Rabhartaigh go Toraigh luach ar maidin,    bhí an fharraige bhreá chiúin,  ba mhaith sin, mar is é Toraigh an t-oileán is fada ón mórthír air a bhfuil pobal ina gcónaí ann.  Bhuaileamar le Antóin Ó Mianáin , oileánach , a threoraigh muid thart timpeall ar an mBaile Thiar le scéalta agus seanchas faoin tsean reilig, faoin mainistir agus na clocha balláin a atá ceangailte le ulaíocha nó háiteanna oilithreachta ar an Bhaile Thiar. Ba dheacair díriú isteach ar a chuid cainte ó am go h-am de dheasca na dtraonaigh ar fad a bhí ag glaoch, ba aoibheann an fhuaim sin, agus mé ag éisteacht leis don chéad uair riamh. 

 

Tua Cross in Tory

Cros Tua Toraigh, Tua Cross Tory Island  

 

 

Um thráthnóna bhí deis againn cuairt a thabhairt ar an mBaile Thoir, an baile is fearr a dúirt ár dtreoiraí linn ( mar is ann atá cónaí air!) Bhí radharc ar dóigh againn ar na h-éin mhara agus faoiléan ar fad nuair a chuamar in airde le breathnú amach ar Dhún Bhalór agus an Atlantaigh Thuaidh. 

 

Tá an Baile Thiar tógtha thart ar chompal na sean-mhainistreach i dToraigh, agus tá na balláin ceangailte le ulaíochta, nó áiteanna oilithreachta ar an Bhaile Thiar. 

 

An Cloigtheach ar Thoraigh 

 

Tower in Tory

Túr ard Oíléan Toraigh  Tower on Tory Island