Ar mhaith leat dul ag siúl sna cnoic le Bláthnaid?

Dé hAoine 10 Bealtaine, beidh Bláthnaid Ní Chofaigh agus foireann Bhláthnaid Libh ag tabhairt faoi Shlí Cholmcille in iarthuaisceart Dhún na nGall, agus ba mhaith leo cuireadh a thabhairt don phobal a bheith ina gcuideachta.
Turas treoraithe atá i gceist, leis an staraí Brian Lacey.  Tiocfaidh siad le chéile ag an gcarrchlós i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha Dé hAoine 10 Bealtaine ag 2 pm.  Tabharfaidh bus ansin go dtí tús na siúlóide iad.  Rachaidh an tsiúlóid thar an sliabh isteach go Gartán, chuig Ráth Cnó mar ar rugadh Naomh Colmcille, agus chuig Leac na Cumha, agus críochnóidh siad ansin ag Ionad Oidhreachta Cholmcille i nGartán.

Is tionscadal é Slí Cholmcille a nascann ionaid in Éirinn agus in Albain a bhfuil nasc acu le Naomh Colmcille, a oidhreacht agus a chuid mainistreacha, agus le linn na siúlóide beidh an staraí Brian Lacey in ann cuntas a thabhairt do dhaoine ar shaol Cholmcille agus ar stair na hoilithreachta.
Beidh Bláthnaid ag taifead dá clár raidió, a chraolfar as stiúideo Dhoirí Beaga maidin Dé Sathairn 11 Bealtaine ag 10.15 am.  Tá fáilte roimh chách. 
___________________________
Bláthnaid Ní Chofaigh’s radio show Bláthnaid Libh is heading to Donegal, and they would like to extend an invitation to the public to join them to walk part of Slí Cholmcille in Gartan on Friday 10 May for the programme.  Come together in the carpark of Glenveagh National Park at 2 pm.