Camino de San Columba: Slí Cholmcille siúlta agus an togra úr turasóireachta cultúrtha a fhorbairt
Chuaigh Ciarán Dunbar ar oilithreacht ‘Shlí Cholmcille’ ar fud Thír Chonaill – agus bhí neart le foghlaim agus é ag leanúint chosa an Naoimh
Chaith mé trí lá i dTír Chonaill an mhí seo, ag siúl ‘Shlí Cholmcille’ le scata breá Gael. Turas iontach a bhí ann, spioradálta, eolach, Gaelach – tumadh sinn sa nádúr agus sa tseanchas.
Ba é Colmcille, togra de chuid Fhoras na Gaeilge agus Bhord na Gàidhlig, a d’eagraigh an oilithreacht seo, in éineacht le comharchumainn áitiúla agus oifigigh pleanála teanga de chuid na háite.
Tá súil ag lucht a eagraithe leithéid ‘Camino de Santiago’ in Ultaibh agus in Albain a fhorbairt, bunaithe ar Naomh Colmcille agus ar na háiteanna a bhaineann leis.
Lena chois sin, tuigtear dom go bhfuil sé mar aidhm ag an togra turasóireacht chultúrtha a fhorbairt chun turasóirí a bhfuil dúil acu sa chultúr agus sa Ghaeilge a mhealladh chun na Gaeltachta chun cur le luach na Gaeilge mar acmhainn eacnamaíochta.
Ar an chéad lá, bhuail muid le chéile ag Cé Mhachaire Rabhartaigh maidin Dé hAoine. Anois, bhí sceitimíní ar leith orm féin óir níor leag mé cos istigh i dToraigh riamh.
Bhí an fharraige garbh go leor agus bhí muintir an oileáin scoite amach ón mhórthír sna laethanta roimhe sin.
Ach mar bharr ar an ádh, rinneadh cinneadh go raibh sé socair go leor dul amach ann. Thuas seal, thíos seal a bhíomar ar an turas thall ar scor ar bith, cé gur lá breá a bhí ann.
Bhí an-éagsúlacht ann i measc ár ngrúpa, Gaeilge acu go léir seachas bean as Texas nár thuig focal, foghlaimeoirí Gaeilge, cainteoirí dúchais, daoine as Baile Átha Cliath, muintir an Dúin agus Feirstigh agus Eoghanach.
Daoine a bhfuil creideamh acu, daoine a bhfuil an-dúil sa teanga acu, daoine eile a bhfuil suim acu sa dúlra acu.
Ní raibh díomá ar bith ar dhream ar bith acu.
Tá sé rí-shuimiúil trí lá a chaitheamh in éineacht le daoine sa dóigh seo, ag siúl le chéile, ag ithe le chéile, agus corrdhuine againn ag ól go dalba le chéile san oíche.
Dála an scéil, má ba naomh Críostaí é Colmcille, bhí an oilithreacht seo págánach go leor fosta – agus mura bhfuil ceachtar den dá chreideamh agat, ní bheadh ábhar imní ar bith agat – bhí gach rud agus gach duine réchúiseach go leor.
Tá sé deacair idirdhealú a dhéanamh idir stair agus seanchas agus Colmcille á phlé ar ndóigh.
Cibé ar bith, isteach go Toraigh linn, áit a raibh Antaine Ó Mianáin ag fanacht linn.
Thug Antaine ar thuras thart ar an oileán muid, a sheanchas i nGaeilge bhinn an oileáin. D’admhaigh duine nó beirt go raibh obair acu é a thuiscint ag an tús, ach go raibh sé de phribhléid againn a leithéid de threoraí a bheith againn.
Agus ní hamháin seanchas Cholmcille a chuala muid uaidh, ach chuala muid faoi dhúlra an oileáin agus faoi stair shóisialta an oileáin gan trácht ar na scéalta go léir faoi Bhalor.
Ní raibh focal Gaeilge ag bean bhocht Texas mar a dúras, ach d’éist sí go cúramach cibé ar bith. Rinne mé beagáinín ateangaireacht di. Cailleann na scéalta seo a gcumhacht sa Bhéarla áfach!
Ba é Séamus Ó Dubhchóin an treoraí a bhí againn ar an mhórthír. Thug muid cuairt ar an Ghartán, ar an Tearmann agus ar Ghleann Cholm Cille. Shiúil muid bóithre, sliabh agus seascann.
Bhí mo chosa frithir go leor tar éis a bheith ag siúl ar feadh trí lá féadaim a rá. Ach mar sin féin, ní dócha gur gá do dhuine a bheith ina fhiannóglach chun tabhairt faoin turas áirithe seo. A fhad is a bhfuil buataisí maithe agus éadaí maithe agat, bheadh leat.
Má bhíonn deis agat dul ar an turas seo, glac leis. Bealach iontach chun castáil ar dhaoine nua, foghlaim faoi Cholmcille agus go leor eile, a bheith ag siúl i gcontae álainn agus a bheith sáite i saol na Gaeilge beo.
Maith sibh Colmcille, Séamus www.walkingdonegal.net agus Antaine. Pribhléid a bhíonn ann a bheith ina dteannta.
Agus maith iad muintir Theach Jack i nGaoth Dobhair, óstán deas, bia iontach, foireann chairdiúil agus seirbhís trí mheán na Gaeilge ó thús go deireadh gan eisceacht.